Seo Chugainn Scoil Cheoil 2023

Faoi cheann 6 seachtaine, ar an 15ú Feabhra, beidh tús a chuir le Scoil Cheoil an Earraigh 2023, Woohooo!!!. Tá réimse iontach imeachtaí beartaithe againn daoibh agus scoth na gceoltóirí agus amhránaithe ag teacht chugainn as fud fad na hÉireann agus níos faide i gcéin. Táimíd go léir ar bís agus is fada linn go gcuirimíd fáilte roimis na cuairteoirí a bheidh ar stáitse, agus roimh gach éinne a ghlacann páirt sna ranganna, seisiúntí agus na himeachtaí go léir. Gan dabht, táimíd ar bís leis, casadh leis na múinteoirí áitiúla ar fad, na tabhairneoirí a fháiltíonn romhainn uilig, lucht na hallaí agus láthaireacha éagsúla, na seomraí ranganna, gach éinne a thugann cabhair dúinn, agus iad siúd ar fad a thugann a gcuid áiseanna dúinn go fiail.

Tá scoth na gceoltóirí ag teacht chugainn arís i mbliana, ina measc, triúr ceoltóir ón Eastóin, Karoliina Kreintaal, Lee Taul agus Kairi Leivo. I gceolchoirm speisialta, inseoidh siad scéal ceol agus amhráin Oileán Ruhnu, oileán a bánaíodh le linn an tarna cogadh domhanda. Bhí ar an 300 chéad duine a mhair ar an oileán an áit a thréigeadh toisc gur ghlac arm na Sóibhéide seilbh ar an oileán – macalla ar shlí, faraor, de chúrsaí eile sa tsaol inniu. Scaipeadh amhráin, scéalta agus ceol muintir Ruhnu leotha, ach tar éis dian taigdhe, tá athnuachan déanta ag an triúr ceoltóir agus scéalaí seo ar chultúr Oileán Ruhnu, agus cuirfidh siad inár láthair é, idir cheol, amhráin, agus scéalta, ag ceolchoirm speisialta oíche Dhéardaoin an 16ú Feabhra.

Beidh Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta chugainn as Conamara le páirt a ghlacadh i gceolchoirm agus ceardlann a thabhairt ar an gcomhcheol san amhraíocht. Tá cáil domhanda bainte amach ag an dá cheoltóir agus amhránaí óg seo, agus iad le feiceáil agus le clos go minic ar chláracha teilifíse agus raidio toisc a mbinneacht, a gcruthaitheacht, agus a saimhreas.
Don chéad uair anso i gCorca Dhuibhne, taispeánfar gearr-scannán bunaithe ar an dán Ondas do mar de Vigo / Tonnta Farraigí Vigo, dán i stíl ársa filíochta na Gailíse a bhfuil rithim agus meadracht ar leith ag baint leis. Dán é seo, faoi thonnta farraige Vigo, a d’aistrigh Breanndán Ó Beaglaoich, agus a chuir Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, inár láthair, le tionlacan ó Carlos Núñez, Breanndán, agus ceoltóirí eile, ag ceolchoirm Scoil Cheoil an Earraigh 2018, in ómós dár ndíl chara Domhnall Mac an tSíthigh. Spreag an dán sinn an scannánóir Jaro Waldeck le fís a chuir leis an dán, agus ag an ócáid speisialta seo, taispeáinfar an scannán agus leanfar é le ceolchoirm gairid le Liam Ó Maonlaí agus Katherina Garcia.
Tá suas le fiche rang sna huirlísí éagsúla agus san amhránaíocht ar fáil ar feadh trí lá agus beidh daoine ábalta spás sna ranganna a chuir in áirithe tríd Eventbrite sna seachtainí atá romhainn. Cuirfimíd scéal amach ar na meáin shóisialta nuair a osclaíonn an nasc. Siad na múinteoirí a bheidh linn i 2023 ná Dónal O’Connor, Doireann Ní Ghlacáin agus Andrea Palandri ar an fhidil, Seamas Hyland agus Liam Mac Congail ar an mbosca, Cárthach Mac Craith, Seosamhín Ní Bheaglaoich agus Sláine Ní Chathalláin san amhránaíocht. Beidh Clíodhna Costello linn ar an mbainseó, Caoimhín Ó Fearghail ar an ngiotár, Edel Fox agus Nicole Ní Dhubhshláine ar an gconsairtín agus sé Jimmy O’Brien Moran a bheidh ar an bpíob uileann. Beidh Colm Murphy, Andy Ó Súilleabháin, Bríd Donnelly, Deirdre agus Aoife Grainbhéal linn ar an mbodhrán, orgán béil, feadóg stán, cláirseach agus feadóg mhór. Agus gan dabht, beidh Ailean Domhnallach tharnais do na ranganna ar an bpíb mhór agus na ranganna i nGáidhlig na hAlban. Sé Toose Uasal Mac Gearailt a bheidh i mbun an ciorcal comhrá agus Áine Uí Dhubhshláine ag tindeáil go cumasach mar is dual di.

Ar an Satharn beidh deis ag daoine dul ar shiúlóid chultúrtha, faoi stiúr Mhichíl Uí Mhainín. Beidh cúpla surprise deas ar an slí – beidh an teacht le chéile lasmuigh de Thigh Khruger i nDún Chaoin ag 1.45pm. Bígí cinnte go mbeidh sibh gléasta don aimsir agus go mbeidh buataisí siúil oiriúnacha oraibh.
Beidh ceardlanna/léachta ar siúl ar an Satharn le poirt as Alba agus as an Eastóin, comhcheol san amhránaíocht, amhránaíocht i nGáidhlig na hAlban, rang i labhairt na Gáidhlige (Aoine agus Satharn) agus léacht ar an mbéaloideas leis an Dr. Pádraig Ó Héalaí. Níl aon teorann leis na himeachtaí éagsúla a bheidh ar siúl le inn an 5 lá, ina measc, an chéad ócáid, oíche Chéadaoin i dTig Bhric ar an Riasc, don oscailt oifigiúil agus oíche amhránaíochta, le Seosamh Ó Críodáin agus Sláine Ní Chathalláin faoi stiúr Noelie Ó Maoileoin.
Beidh dhá mhór cheolchoirm ar siúl i Halla na Feothanaí, mar a bhíonn gach bliain, agus liosta iontach ceoltóirí agus amhránaithe le bheith páirteach iontu, ina measc Dónal O’Connor, Doireann Ní Ghlacáin, Andrea Palandri, Seamas Hyland, Liam Mac Congail, Karoliina Kreintaal, Lee Taul agus Kairi Leivo ón Eastóin, Kathleen MacInnes agus Brigid Chambeuil as Albain, Jimmy O’Brien Moran, Edel Fox, Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta, Clíodhna Costello agus go leor eile.
Beidh imeachtaí agus ceoltóirí eile linn chomh maith, táimíd ag cuir leis an liosta de réir a chéile, ach ná bíodh aon amhras oraibh ach go mbeidh an-scoil cheoil againn, mar a bhíonn i gcónaí, agus táimíd ag súil go mór na mílte fáilte a chuir romhaibh anso ar an mBuailtín agus ar fud an cheantair. Bígí linn, táimíd ar bís chun ceoil!
Ag súil sibh a fheiscint Scoil Cheoil an Earraigh 2023!
