Scoil Cheoil an Earraigh 2022 - Seo linn!
Scoil Cheoil an Earraigh 2022 - Seo linn!

Scoil Cheoil an Earraigh 2022 - Seo linn!


Is cúis áthais dúinn a fhógairt go mbeidh Scoil Cheoil an Earraigh ar an bhfód arís don bhliain 2022. Bígí siúralta ach go mbainfar smút dos na frathacha i gCorca Dhuibhne agus go gcloisfear ‘We Won’t Go Home Til’ Morning’ á sheinm sna haon chúinne don mbaile. Beirigí libh na húirlisí agus bígí linn i mBaile an Fheirtéaraigh idir an 23ú agus 27ú Feabhra.  


Beidh scoth na gceoltóirí ag múineadh linn do Scoil Cheoil an Earraigh 2022 – ina measc beidh ceoltóirí agus amhránaithe as Corca Dhuibhne agus cuairteoirí as áiteanna eile ar fud na tíre. Cuirimíd fáilte mar mhúinteoirí don chéad uair i 2022 roimh Conor Connolly, Diarmuid Ó Meachair,  Mickey Dunne, Angelina Carberry, Kyle Maccaulay agus Nicole Ní Dhubhshláine. Ag filleadh chugainn beidh Ciarán Ó Maonaigh, Caitlín Nic Gabhann, Eithne Ní Chatháin, Colm Murphy, Bríd Donnelly, Jeremy Spencer, Seosaimhín Ní Bheaglaoich ,Eilís Ní Chinnéide, Oisín Morrisson, Aindí Ó Súilleabháin, Ailean Domhnallach agus Aoife & Deirdre Granville. 


Nóta -

Beidh an clárú dos na ranganna ar fáil tríd an suíomh ón 1 lá do Feabhra 2022. 

D'fhéadfadh athrú teacht ar socruithe ag aon am de bharr na paindéime.

Má tá aon cheist agaibh seolaigí teachtaireacht chugainn.  


go  top