Mórtas Cine – Ceolchoirm don Uachtarán 2018

Tá an-áthas orainn a fhógairt go mbeidh Uachtarán na hÉireann, a Shoilse Micheál D. O hUigínn ag teacht chuig Scoil Cheoil an Earraigh 2018. Beidh an tUachtarán ag freastal ar cheolchoirm speisialta ‘Mórtas Cine’ i Halla na Feothanaí, De hAoine, 16.02.18 ag 8pm. Cuirfear tús leis an oíche le aitheasc ón Uachtarán agus leanfar ansin le rogha ceoil, rince, filíocht agus amhránaíocht le ceoltóirí idir óg agus aosta le scoth oidhreacht Chorca Dhuibhne agus na Gaeltachta a chuir i láthair an Uachtaráin chomh maith lenár ngaol le cultúir thar lear. I measc na ndaoine a bheidh ar stáite beidh Ben Ó Loinsigh ón Riasc, Ruairí Ó hÓgáin as Dún Chaoin, Victoria Breathnach as na Gorta Dubha, an Banna Ceoil ‘Glór’ as Baile an Fheirtéaraigh, Breanndán Ó Beaglaoich as Baile na bPoc chomh maith le Nell Ní Chróinín as Múscraí, Ailean Domhnallach as Albain, Rosie McKenzie as Cap Breton agus aionna speisialta eile. Is mór an onóir dúinn gur ghlac an tUachtarán lenár gcuireadh a beith i láthair. Taimid ag súil go mór leis an méid a bheith le rá ag an Uachtarán linn agus le oíche Ceoil agus amhránaíochta don scoth ar an Aoine an 16ú. Beidh ticéid don gceolchoirm ar fáil ag an oscailt oigifiúil, ag an deasc eolais in Óstán Ceann Sibéal 9am-5pm Déardaoin & de hAoine 15/16 Feabhra agus ag an doras ar an oíche. €15 do dhaoine fásta €10 leanaí / aosaigh.
We are delighted to announce that the President of Ireland, Michael D. Higgins will address a special concert ‘Mórtas Cine’ (Pride of People and of Place) on Friday night, Feb 16th, at Scoil Cheoil an Earraigh. The concert will showcase Corca Dhuibhne’s music and song, dance and poetry along with music from other areas. Young and old will feature including Ben Ó Loinsigh, Glór, Ruairí Ó hÓgáin, Victoria Breathnach, and Breanndán Ó Beaglaoich as well as Nell Ní Chróinín, Allan MacDonald and Rosie McKenzie with special guests.
The concert starts at 8pm sharp on Friday February 16th in Halla na Feothanai. Tickets will be available at the official opening of Scoil Cheoil an Earraigh on Wednesday 14th Feb in Áras Bhréanainn, (Comharchumann)Baile an Fheirtéaraigh, at the information desk in Ceann Sibéal Hotel 9am-5pm Thursday and Friday 15/16 Feb, and on the door on the night. Tickets cost €15 and €10 for children and senior citizens.
Simultaneous translation of the Presidents’ address will be provided.
Nuacht eile
Other News
go top