Plúr na n-amhránaithe chugainn ag Scoil Cheoil 2018

Beidh plúr na n-amhránaithe againn i mbliana ag an Scoil Cheoil – ar oíche Dé Céadaoin beidh an Corcaíoch Jimmy Crowley ag teacht thar teorainn siar ó thuaidh go Tig Uí Chatháin don oíche amhránaíochta ag 9.30pm. Déardaoin seolfaidh Muireann Nic Amhlaoibh a CD Foxglove and Fuchsia i dTig Bhric ag 3pm agus ag an ócáid céanna seolfaidh Méabh Ni Bheaglaoich a ceirnín singil nua ‘Amhrán na nGael’. Ansan ag ár gceolchoirmeacha i Halla na Feothanaí ar an Aoine beidh Ben Ó Loinsigh ón Riasc inár gcuideachta chomh maith le Nell Ni Chróinín. Ni hí Nell an t-aon buaiteoir do Chorn Ui Riada a bheidh ag an Scoil Cheoil mar ar an Satharn fáiltímid roimh buaiteoir Chorn Ui Riada 2017 Conchubhair Ó Luasa. Corcaigh go láidir ag an Scoil Cheoil i mbliana! Fillfidh an t-amhránaí aitheanta Kathleen MacInnes as na hOileáin Thiar in Albain chugainn i gceolchoirm an tSathairn. Beidh neart amhráin agus amhránaithe le bheith ag súil leo mar sin, bígí linn!
Nuacht eile
Other News
go top