Ceolchoirmeacha ar líne Scoil Cheoil 2021 fógartha
.jpg)
Tá dhá oíche mhóra ceoil ar na bioráin ag Scoil Cheoil an Earraigh ar an 19ú & 20ú Feabhra. Beidh ceoltóirí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta inár measc ar an dá oíche.
I measc na gceoltóirí a bheidh linn ar an Aoine beidh: Liz Carroll & Jenn Butterworth (Chicago & Alba), Muireann Nic Amhlaoibh, Caroline Keane le Tom Delaney, Caoimhín Ó Raghallaigh, Pepín De Muñalén (Asturias), Ben Ó Loinghsigh, Andy Ó Súilleabháin & The Goodman Trio (Mick O'Brien, Emer Mayock & Aoife Ní Bhriain).
.jpg)
Ar an Satharn cloisfimid: Breanndán Ó Beaglaoich, Carlos Núñez(Gallicia), Bríd Donnelly le Cillian Ó Briain, Clíodhna Costello, Colm Murphy le Louise O'Sullivan & Conor O'Sullivan, Eithne Ní Chatháin, Seosaimhín Ní Bheaglaoich le Cormac Ó Beaglaoich, Deirdre & Aoife Granville, Seánus Ó Guithín, Laoise Kelly, Tiarnán Ó Duinnchinn, Alan McDonald (Alba), Éilís Ní Chinnéide le Matt Griffin.
Beidh na ceolchoirmeacha á sruthlú beo ag a 8in ar shuíomh & Facebook na Scoile Ceoil (www.scoilcheoil.com) agus ar mheáin shóisialta Mholscéal. Ní bheidh aon chostas ar na ceolchoirmeacha ach ardoícheanta ceoil le taitneamh a bhaint astu pé áit sa domhan ina bhfuil tú.