Ceolchoirmeacha 2022!
Ceolchoirmeacha 2022!

Ceolchoirmeacha 2022!

Beidh tarrac ar cheoltóirí agus amhránaithe iontacha ar stáite oíche Aoine agus oíche Shatharn ag Scoil Cheoil na bliana seo agus an-áthas orainn gur féidir linn a bheidh i bhfochair a chéile arís faoi mar is ceart.
Ar an Aoine (25ú Feabhra) beidh Mary McNamara ar an gConsairtín agus a hiníon Sorcha, Angelina Carberry a ghlac Gradam Ceoil TG4 2021, Mickey Dunne ar na píb, Ciarán Ó Maonaigh agus Caitlín Nic Gabhann le ceol bhreá agus cúpla steip, Eithne Ní Chatháin a bheidh ag cur roinnt dá albam nua 'Iníon' i láthair an tslua agus Conor Connolly - ceoltóir óg na bliana 2018.
Ar an Satharn (26ú Feabhra) beidh comhluadar bhreá ar stáitse le Matt Molloy, Brian McGrath & John Carty i bhfochair a chéile, beidh Aiden Connolly inár measc arís ar an bhfidil, Diarmuid Ó Meachair ar an mbosca ceoil ó Chúil Aodha, Nicole Ní Dhubhshláine agus Kyle Macaulay i dteannta a chéile agus Éilís Ní Chinnéide leis an slua a chur fé gheasa.
Gealltar dhá oíche iontach ceoil!

Is féidir ticéad a chur in áirithint do Cheolchoirm an Aoine anseo agus Ceolchoirm an Sathairn anseo.

Caithfear masc a chaitheamh le linn an ceolchoirm. 
go  top