An leithscéal is fearr a bhí riamh agaibh cúpla lá fén dtor a bheith agaibh i gCorca Dhuibhne

Seo chugaibh an leithscéal is fearr a bhí riamh agaibh cúpla lá fén dtor a bheith agaibh i gCorca Dhuibhne – tá féasta Ceoil agus cuileachta romhat – má mhaireann tú go háitiúil, nó mas cuairteoir tú, tapaigh an deis! Beidh ceol agus spraoi ar an mBuailtín (Baile an Fheirtéaraigh), ar an bhFeothanaigh, i nDún Chaoin, ar an nGráig, agus iliomad áiteacha eile i nDúichí álainn Duibhneach – tá dóthain den rith is rás déanta againn ó Nollaig – scaoil leis an mbrú ar feadh cúpla lá, agus bain sásamh as an gCeol, na hamhráin agus an comhluadar iontach a bheidh anseo i gCorca Dhuibhne ón 14-18 Feabhra, agus gan dabht, cuairteoir speisialta inár measc chomh maith, Uachtarán na hÉireann, Michéal D. Ó hUiginn,
BÍGÍ LINN!
Nuacht eile
Other News
go top