Agus é ag caint ag an oscailt oifigiúil de Scoil Cheoil an Earraigh 2019 ar an Chéadaoin an 20  Feabhra, “Deis síneadh uainn a síneadh chugainn,” a thug Breanndán Ó Beaglaoich ar Scoil  Cheoil an Earraigh atá á stiúradh ag Niamh Ní Bhaoill agus aige féin le cúig bliana déag  anuas. 

Leag an oíche oscailte an múnla síos don méid a bhí le teacht thar an 5 lá den fhéile, scoil  agus teacht le chéile cultúrtha a mhúsclaíonn Corca Dhuibhne ó shuan an Gheimhridh agus a  spreagann fás agus ceiliúradh le teacht an Earraigh; dreasa ceoil ó aos óg na dúichí agus ó  mháistrí ón ndúiche agus ón iasacht, ó Albain, ó Albain Nua agus ó Chicago; agus caint  fhileata ó Bhreanndán Ó Beaglaoich faoi sprioc na Scoile Ceoil – an oidhreacht cheoil agus  teanga a sheachadadh go glúin eile. 


Bosco Ó Conchúir, Niamh Ní Bhaoill & Breanndán Ó Beaglaoich

Boscó Ó Conchúir a thug an t-aitheasc oscailte, agus é ag tagairt do na máistrí damhsa a  thagadh chun na dúichí ag múineadh damhsa agus ceoil.

Bhí seisiún draíochtúil amhránaíochta i seomra ‘Siar Ó Thuaidh’ laistiar de Thigh Uí Chatháin.  Ba é Cárthach Mac Craith an t-aoi speisialta ach mheall fear an tí Noelie Ó Maoileoin  amhrán ó go leor. Ina measc déagóir ón áit, Mollie Ní Loibhéid. Ceol draíochtúil i nGaeilge, i  nGaeilge na hAlban agus as Béarla, gan de sholas sa seomra ach coinnle.


Fad is a bhí na daoine óga agus fásta ag ranganna éagsúla ceoil (ar a raibh 20 ceann ar fad ann dóíbh) le múinteoirí ar nós na deirfiúracha Friel as Albain ar de bhunadh Thír Chonaill iad,,Dermot McLaughlin, Catherine McEvoy a fuair príomh gharadam ceoil Tg4 an tseachtain roimhe, Mary MacNamara, Cárthach Mac Craith, Nell Ní Chroinín, Eoin Ó Beaglaoich, Aoife& Deirdre Granville ón Daingean, Éilís Ní Chinnéide, Andy Ó Súilleabháin , Breanndán Ó Beaglaoich gan dabht, agus go leor eile, bhí deis ag daoine nach bhfuil scil an cheoil amsithe fós acu freastal ar chiorcal comhrá Gaeilge faoi stiúir ábalta Máire Joe Daly.

Tráthnóna Déardaoin bhailigh an ghlúin óg isteach chuig seisiún oscailte le Bríd Donnelly i  dTigh Uí Mhurchú agus an áit lán go doras le ceoltóirí óga agus an-óg, cuid acu ag seinm le  chéile agus ag foghlaim óna chéile. Seisiún eagraithe ab ea sin, ach feadh na laethanta agus  na n-oícheanta bhí ceol i ngach ceann de na trí thábhairne ar an mbaile agus san Óstán agus  i dTigh Bhric freisin.


Níos déanaí an tráthnóna céann bhí ócáid amhránaíocht i dTigh Bhric le Páidí Mhárthan Mac  Gearailt mar fhear an tí – seisiún aoibhinn amhránaíochta a bhí ann, le aoínna speisialta ar  nós Margaret Stewart, Mary Jane Lamond, Ingird Henderson agus Éilís Ní Chinnéide. Bhi deis  chomh maith ag amhránaithe a bhí I measc an tslua agus channadar go díograiseach, Sláine  Ní Chathalláin, Mollie Ní Luibhéad agus Cárthach Mac Craith ina measc. 

Ócaid fíor speisialta ab ea ceolchoirm oíche Dhéardaoin in Ionad an Bhlascaoid. Bhí sciob  sceab ar na ticéid a bhi díolta amach go hiomlán roimh ré. Óiche i láthair an veidhleadóir  agus cumadóir iomráíteach as Chicago, Liz Carroll, a bhí I gceist agus í ag cur síos ar a saol  agus a cuid ceoil, agus í i gcomhrá le Breanndán Ó Beaglaoich. Chuir sí an slua faoi gheasa ansan le ceolchoirm draíochtúil aonair, agus corr phíosa ó Bhreanndán Ó Beaglaoich agus  Wendy MacIsaac as Ceap Breatain idir cheol agus rince.  

Ar an Aoine bhailigh slua amhránaithe le chéile ag ócáid Oidhreacht Chorca Dhuibhne faoi  sheacadadh traidsiún na hamhránaíochta – le Seán Garvey, Doimnic Mac Giolla Bhride, Páidí  Mhárthan Mac Gearailt, Nell Ní Chroinín, an Dr Tríona Ní Shíocháin, Margaret Stewart,  Ingrid Henderson agus go leor eile. 

Bhaligh an aos óg isteach I dTigh Áine ar an nGráig do thionól na nóg áí ar sheinneadar le  fuinneamh I láthair Bhreanndáin Uí Bheaglaoich. 


Bhí halla na Feothanaí plódaithe don cheolchoirm Dé hAoine agus cuireadh féasta ceoil ar  fáil, a chuaigh amach ar Molscéal TG4, idir cheol uirlise is amhránaíocht, ar feadh trí uair an  chloig. Ar stáite bhí Ceoltóirí Óga Acla le Laoise Kelly, Mary McNamara, Liz Carroll Chicago,  Wendy MacIsaac agus Mary Jane Lamond Cheap Breatain, Ailean Domhnallach as Alba, Na  

Friel Sisters agus Steve Cooney. D’fhiafraigh duine de na ceoltóirí i dtreo dheireadh na  hoíche conas a mhothaigh ár dtóineacha… Bhíodar righin go maith ach b’fhiú é! 

Liosta le háireamh na máistrí ceoil a bhí ag múineadh sna ranganna agus ansin ag roinnt go  fial ag seisiúin, idir oifigiúil agus spraíúil, ag na ceolchoirmeacha agus na ceardlanna.  


Ar an Satharn nuair a chríochnaigh ranganna na maidine tháínig na daltaí agus múinteoirí ar  fad le chéile sa tSáipéal do cheolchoirm na ndaltaí áit ar sheinn gach rang píosa ceoil a bhí  foghlamtha thar an tréímhse 3 lá. Cuireadh clabhsúr leis an gceolchoirm leis an c. 230 dalta  ag seimint le chéile ‘ Raghad’sa is mo Cheaití’ in omós do Sheán de hÓra a cailleadh 30 blian  am an dtaca seo.  

Chuaigh suas le 30 duine ar shiúlóid staire faoi stiúr Sheáin Mhic an tSíthigh ar an Satharn – bhi an t-ádh dearg leo leis an aimsir. 


Bhí na ranganna máistreachta ar siúl tráthnóna, chomh maith le cúpla seisiún damhsa ar an  sean-nós faoi stiú Róisín Ní Mhainín. Bhailigh slua breá I dtigh an tSaorsaigh tráthnóna do  thráthnóna na gCaipíní le Breanndán Ó Beaglaoich agus Tim Dennehy. 

Róisín Ní Mhainnín ag tabhairt ceartlainn rinnce sean-nóis

Bhí ceolchoirm mhór eile oíche Satharn le cuairteoirí as Albain, Margaret Stewart agus Ingrid  Henderson ar stáite, chomh maith le Dermot McLaughlin, Catherine McGovern, Johnny Óg  Connolly, Steve Cooney, Nell Ní Chróinín , Rozie McKenzie agus go leor eile. 

Cuireadh clabhsúr leis an Scoil Cheoil ar an nDomhnach le aifreann Uí Riada le Cór Chúil  Aodha, le maidin chaifé agus ceoil do roinn an chroí in Ospidéal Cruimghline, agus le  tráthnóná aoibhinn ceoil agus bia bhreá I gCaifé na Caolóige I bpotadóireacht Louis Mulcahy  áit a raibh an slua mór a bhí bailithe faoi gheasa ag Rozie McKenzie as Ceap Breatain agus  Breanndán Ó Beaglaoich.

Ar feadh 5 lá, ag tráth ciúin den mbliain, bhí Baile an Fheirtéaraigh ag cuir thar maoill le ceol,  ceoltóirí, amhránaithe agus rinceoirí, idir óg agus aosta, ag seinm cheoil agus ag baint ceol  as comhluadar a chéile. Go mbeirimíd beo ar an am seo arís. 

Niamh Ní Bhaoill & Breanndán Ó Beaglaoich 




go  top