Scoil Cheoil an Earraigh 2013 – le Domhnall Mac Síthigh

Rionach Uí Ógáin

Ríonach Uí Ógáin ag oscailt an Scoil Cheoil i 2013

Ní bhíonn ach an Nollaig curtha dínn againn nuair a bhímíd ag
fanacht agus ag tnúth le buaic phointe cheiliúradh na bliana, Scoil
Cheoil an Earraigh. Cioraíonn sé an gheimhridh dúinn agus an mhí
mhór fhada ghruama, mí Eanair. Tá sé de nós againn riamh Lá le
Bríde a fháiltiú go deas ciúin le Cros Bhríde agus Brat Bhríde agus
ansan gan choinne bíonn buaicphointe ceoil, cleachta agus
comhluadair in Iarthar Dhuibhneach buailte linn. B’í Ríonach Uí
Ógáin, ollamh le béaloideas i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha
Cliath a chaith isteach an chaid i mbliana le focail mholtacha
spreagúla agus ag tabhairt éachtaint dúinn ar thraidisiún shaibhir
an cheoil agus na hamhránaíochta sa cheantar. Mhol sí dhá
chaptaein na scoile, Niamh Ní Bhaoill agus Breanndán Ó Beaglaoich
go raibh an fís acu cuimhneamh ar an bhféile seo an chéad uair
agus ansan go raibh an fuinneamh agus an cur chuige acu é a
reachtáil agus a thabhairt chun críche gach bliain le naoi bliana.
Thug dream óg na háite taispeántas ceoil, amhránaíochta agus
agallamh beirte dúinn. B’é Seán Garvey an aoi amhránaí a
chuirfeadh tocht ar do chroí ag éisteacht leis mar go dtagann a
cheol óna chroí. Muintir na háite is mó a fhreastalaíonn ar an
oscailt i Museam Chorca Dhuibhne le fo thurasóir istigh ina measc
agus Luc Herregod, máinlia ón mBeilg ar dhuine acu san. Tá Luc
ag teacht gach bliain le ocht bliana nuair a tháinig sé de thaisme ar
an bhféile an chéad uair. Is é seo buaicphointe na bliana do súd
agus ní chaillfeadh sé é ar ór na cruinne. Tagann sé ina aonar agus
freastalaíonn sé ar na ranganna feadóige.

Rang Banjo 2013

Rang Banjo 2013

Ar an maidean Déardaoin
tar éis na hoscailte an oíche roimhe sin a feictear sráidbhaile an
Bhuailtín ina lándhúiseacht tar éis an gheimhridh mar tá daoine
óga le uirlis cheoil ina ghlaic ag gach duine acu, tuismitheoirí ar
séirse á gclárú do ranganna éagsúla agus múinteoirí le struip siúil
fúthu ag lorg a seomraí ranga. Tá beocht agus fuinneamh san áit
agus eagar dá réir.
Ní hamháin gur féile ceoil agus amhránaíochta é seo ach tá leis
béim mhór ar an nGaelainn, teanga dúchasach na háite. Deintear

na himeachtaí go léir a rialú trí mhéan na Gaelainne maidir leis an
oscailt, na coirmeacha ceoil, seisiúin ceoil agus amhránaíochta,
léachtaí, seoltaí agus aifreann Uí Riada ar an maidean Domhnaigh.
Bíonn ciorcal comhrá ar fáil do chainteoirí agus d’fhoghluimeoraí
Gaelainne agus rang Gaidhlice faoi stiúir an cheoltóra Alan
Domhnallach. De bharr béim na teangan bíonn atmosféar Gaelach
le clos an t-am go léir agus téann sé seo i bhfeidhm go mór ar
dhaltaí Ghael Scoileanna a chloiseann an teanga mar ghnáth
theanga sóisialta agus oibre. Tá an ceol agus an Ghaelainn
nascaithe le chéile sa bhféile seo.
Maidir le Scoil Cheoil an Earraigh 2013 bhí béim mhór ar
cheoltóirí a tugadh isteach ó thíortha thar lear, ó Estonia, an
Ioruaidh, an tSualainn, an Bhreatain Bheag agus Galicia na
Spáinne. Thug na ceoltóirí seo taispeántaisí dúinn ar a gceol agus
ar a gcultúr i Musaem Chorca Dhuibhne, i Halla na Feothanaí,
i Séipéal Naomh Uinseann agus sna tábhairní áitiúla. Ba mhór
an t-aitheantas dóibh sin cuireadh a fháil go dtín bhféile mar
cothaíonn sé spreagadh agus meas ar a ndúchas féin. B’iontach
an deis dúinne a leithéidí a bheith inár measc, éisteacht leo agus
an misneach a thugann siad dúinn. Tríd an bféile seo a casadh
ceoltóirí iomadúla ar a chéile. Cothaíonn na teangmhálacha seo
agus an teacht le chéile ar aon láthair muintearas agus caradas
idir chiníocha difriúla. Tá gach éinne ag roinnt a gcuid saibhris
teangan, a gcuid ealaíona agus a gcroíthe ar a chéile. Cá bhfaighfeá
a leithéid i ndomhan seo na sainte. Táimíd ag tnúth go foighneach
le Scoil Cheoil an Earraigh 2014 agus go bhfága Dia againn é buan
beo.

go  top