Is deacair é a chreidiúint, tá blian eile imithe agus Scoil Cheoil an Earraigh 2011, an 7ú blian dúinn ar bhfód, tagta chun deireadh.
I mbliana, bhí ceolchoirm an Aoine ar siúl in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin, agus ar an Satharn ceolchoirm i Halla na Feothanaí atá oscailte arís théis an obair ath-chóirithe ar fad a déanadh anuraidh. Bhí tionól piobairí againn tráthnóna Déardaoin i dTigh Bhric agus oíche cheiliúrtha ar an amhránaí Seán de hÓrdha i mBrú na Gráige níos déanaí an lá sin.
Bhí ranganna agus ceardlanna ag dul ar aghaidh mar is gnáth sna huirlisí go léir agus san amhránaíocht agus an damhsa ar an sean-nós ar siúl i Seanscoil a’ Chuasa tráthnóna Dé Satharn, le deis a thabhairt do dhaoine a bhí ag freastal ar na ranganna eile dul ag rince tráthnóna, dá mbuailfeadh an fonn iad!
Bhí saibhreas iontach ceoil le clos againn gan amhras.Thainig ceoltóirí agus amhránaithe don scoth as gach cuid don tír le bheith linn i mbliana, cuid acu ag teacht chughainn don chéad uair, agus cuid acu a bhfuil aithne againn orthu le fada an lá. Bhí na Campbells ó Dhún na nGall ann arís, Jackie Daly & Matt Cranitch, Ben Ó Loinsigh, Eithne & Micheál Ó Catháin, Tomás, Niamh & Nuala Ó Canainn, Claire Keville, Ailean Domhnallach, Seosaimhín Ní Bheaglaoich, Cathal McConnell agus Tommy & Pádraic Keane.
Táimid ag súil go mór le 2012 agus ar bís ag iarraidh castáil le gach éinne arís, agus gan dabht fáilte a chur roimh dhaoine nua.
Niamh agus Breanndán