Tá an séú Scoil Ceoil an Earraigh curtha dínn againn agus iontas na n-iontas, bhí fás aríst i mbliana ar, bliain thar aon bhliain eile go mbeimís sásta le bheith cóngarach don líon a bhí againn blianta eile. Ní mar sin a bhí ach beagán sa bhreis ag freastal ar na ranganna atá mar phríomh aidhm, agus mar chnámh droma, ag Scoil Cheoil an Earraigh. In am seo na cúlú eacnamaíochta agus an ísle brí maidir le staid na tíre i gcoitinne, is mór an t- ábhar dóchais dúinn nach bhfuil deamhrúd déanta aige Gael ar cérbh díobh iad nó cá bhfuil a dtreóir anois agus san am atá romhainn. B’fhéidir gur rud ionntach é an Tíogar Ceilteach seo a bheith gafa le sruth agus breis ama againn dá bhárr chun ár gcuisle ealaíona a chothú agus a fhorbairt chun sinn a thabhairt go dtí leibhéal níos ciallmhaire muiníne. Go dtuigimíd gur buaine ár ndúchas is ár gceól ná  a bhfuil d’airgead sa Bhanc agus go deimhin is beag ann do, de réir tuairisce na laethaenta seo.

Sea thosnaigh an Scoil láidir le seoladh oifigiúil sa Mhusaém aige Breandán Feirtéar  agus oiche amhránaiochta i mbothán ba Dhomhnaill Uí Chatháin áit a raibh Rosie Stewart agus Máire Ní Choilm  ag canadh in árd a gcínn is a ngutha.

Tharraing na ranganna slua breá go Baile an Fheirtéaraigh maidin Aoine, le 23 rang éagsúil ar siúl, idir ranganna ceoil & amhránaíochta, ceardlann rince ar an sean-nós, ciorcal comhrá Gaeilge, rang Gaidhlig agus ranganna máistreachta.  Chláraigh tuairim is 158 duine ar na ranganna ceoil & amhranaíochta, agus tuairim is 40 eile ar na ranganna Gaeilge/Gaidhlig agus damhsa ar an sean-nós, i gcaitheamh an tréimhse 5 lá, rud a bhain neart allas astu siúd a bhí i mbun an chláraithe ar an lá!

Dhein leanaí Scoil an Fheirtéaraigh pictiúrí áille ag cur fáilte roimh Scoil Cheoil an Earraigh ar an mbaile agur crochadh iad i dtithe tabhairne agus ionaid eile ar fud an bhaile. Don chéad uair, bhí deasc eolais againn san óstán ar feadh tréimhsí gach lá le cabhrú le daoine aon cheist a bhí acu a fhreagairt.

Ar maidin cuireadh tú leis na ranganna, idir a 10 agus a1:00i.n. Agus um thráthnóna bhí seisiún ceoil le cuid dóibh siúd a bhí ag freastal ar na ranganna, ócáid a bhíonn ana thaithneamhach don gcleas óg i gcónaí, chomh maith leis an chéad cheann de na ranganna Gáidhlihg.

Bhí léacht breá ag Breandán Feirtéar in Ionad An Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin i dtaobh An Spailpín a d’fhág Éirinn i dtús an chéid seo caite agus nár fhill aríst ach go bhfuil a chuid ceapachán amhránaíochta fós dá gcanadh go forleathan ar fuaid na leathinise seo. Bhí suím nach beag sa léacht le Cáit Chosaí Feirtéar, Fíona Thormey agus Páidí Mhárthain Mac Gearailt ag canadh trí cínn do amhráin an Spailpín.

Ceann de’s na h-imeachtaí ba thaitneamhaí ná  an tráthnóna ceoil a chaitheamair i dTigh Bhric ar a 2:00 iar nóin Dé hAoine le Tony Linnane agus Noel Hill. Ceol beirte é seo a cuireadh ar Chéirnín i ndeireadh na seachtóidí agus atá fós mar shampla de mhór thaifeadaí an chéid sin maidir le ceól an Chláir do, ach go h-áirithe.

Bhí an tigh lán agus le línn na coirime ar fad chloisfá biorran ag titim le feabhas múinte an lucht éisteachta. Díreach ina dhiaidh, sheol Helen Ní Shé, ó Raidió na Gaelthachta dlúthdhiosca ó Acadhamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Subhóró.  Fuairmeara ana thacaíocht arís i mbliana ó Raidió na Gaeltachta, chraol siad an dá cheolchoirm a bhí againn agus chraol siad clár iomlán An Saol ó Dheas ó Scoil Cheoil an Earraigh ar an Aoine le ceoltóirí agus amhránaithe a bhí tagtha páirteach sa chlár. Bhí TG4 i láthair chomh maith agus craoladh mír nuachta, leis an iriseoir Seán Mac Síthigh, maidir leis an Scoil Cheoil ar an Aoine an 19ú lá.

Tímpeall Meán Fhómhair na bliana seo caite fuair Muiris Ó Cuínn, duine de lucht na gCaipíní, bás, fear go raibh a chuid ceoil céilliúrtha againn ó thús in’s na ranganna ceoil imeasc na gceoltóirí eile dá ré ach i mbliana dhiríomair go h-iomlan ar cheól Mhuiris. Le cabhair Eithne Ní Chatháin scríomair agus thaifeadamair 15 de phíosaí ceoil ó Mhuiris agus chuireamair ar fáil dár múinteoirí iad agus is le fonn agus dílseacht a chuireadar chuige ag múineadh an cheoil, téama a réitigh go breá leis na h-éinne. Bhí pictiúr ollmhóír de Mhuiris, leis an ngrianghrafadóir Paul McCarthy (Féach sa chulra sa rang píob uilleann thuas) ag crochadh ag an oscailt oifigiúil, agus cuid de chlann Mhuiris i láthair, agus bhí pacáiste le CD, nótaí ceoil agus eolas faoi Mhuiris fhéin ar fáil do na daltaí go léir.

Toisc Halla na Feóthannaí a bheith á dheisiú ó bhonn ní raibh sé ar fáil in aonchor i mbliana dhúinn agus dá thoradh bhí an dá cheolchoirm againn i Séipéal Naomh Uinsionn ar an mBuailtín. Bhí sé seo ana áisiúil mar bhí an an ócaid ar fad brea cúlaisteach, i ngiorracht siúil dos na h-éinne agus gan aon tiomaint i gceist dóibh siúd  a bhí buailte fúthú i mBaile An Fhirtearaigh i gcomhair na deireadh seachtaine. Bhí slua breá aige’s na coirmeacha ceoil oiche De h-Aoine agus Dé Sathairn cé go raibh na huimhreacha thíos ar anuraidh agus blianta eile.

Bhí idir cheoltóirí áitiúla agus cuairteoirí againn, chomh maith le cuid dos na muinteoirí a bhí sna ranganna le feiceáil ar an árdán i rith an dá oíche.

D’fhreastal slua breá ar an siúlóid treoraithe le Domhnall Mac Síthigh maidin Satharn agus bhí an aimsir tirim, mar a bhí gach bliain go dtí seo, trí mhiriúilt éiginn.

Ag ceolchoirm na ndaltaí Dé Sathairn sheim Noel Hill agus Alan Mc Donald agus na daltaí ar fad a bhí aige’s na ranganna i gcaitheamh na scoile. Ceann de bhuaicphointí na Scoile é an ceolchoirm seo gach blian.

Bhí Charlie Harris, Mary Bergin, Tony Linnane, Conall Ó Gráda agus go leor eile i measc na gceoltóirí a sheinn don slua oíche Satharn agus bhí oíche go maidin le seisiúntaí sna tithe ar fad ar an mbaile díreach ina dhiaidh.

Cuireadh clabhsúr le Scoil Cheoil an Earraigh arís i mbliana le maidin chaifé théis an aifrinn le Cór Chúil Aodha i Sáipéal Naomh Uinsinn ar an mBuailtín. Deis a bhí ann do gach éinne slán a rá le chéile agus port amháin eile acu roimh tabhairt fé’n mbóthar.

Mar sin seo linn ag ullumhú do don seachtú bliain i 2011…cé chreidfeadh é?

Breanndán Ó Beaglaoich & Niamh Ní Bhaoill

go  top