Maireann imeachtaí Scoil Cheoil an Earraigh thar tréimhse 5 lá agus tugaimíd aird ar leith do cheol, amhráin agus stíl Chorca Dhuibhne. Bíonn suas le 20 rang agus ceardlann éagsúil ar siúl i réimse leathan uirlisí traidisiúnta chomh maith le amhránaíocht ar an sean-nós agus damhsa ar an sean-nós. Chomh maith leis sin, bíonn ceolchoirmeacha, seisiúin, oíche amhránaíochta, siúlóid, léacht, oscailt oifigiúil agus go leor imeachtaí eile a bhaineann lenár dtraidisiún ar siúl le linn na féile.
Tugann Scoil Cheoil an Earraigh deis do dhaoine blaiseadh a fháil de shaibhreas ceoil agus cultúr Ghaeltacht Chorca Dhuibhne agus dar ndóigh, dár dteanga chomh maith, agus muid suite i gcroí lár na Gaeltachta. Bíonn an deis ag daoine freastal ar ‘chiorcal comhrá’ áit ar féidir leo an ‘cúpla focal’ a chleachta agus cur lena saibhreas teangan fhéin.
Dóibh siúd go bhfuil suim acu i gcultúr ár gcomharsain Gaelacha in Albain, bíonn ranganna cainte agus amhránaíochta i nGáidhlig (Scotts Gaelic).
Tagann ceoltóirí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta le chéile le ceolchoirmeacha a chuir ar fáil, bíonn foghlaimeoirí agus a gcairde ó gach cearn don tír agus níos faide ó bhaile, i láthair le freastal ar na ranganna ceoil, amhránaíochta agus rince, agus le blaise a fháil den cheol agus an chultúr i gcaitheamh tréimhse na Scoile.
Beidh míle fáilte romhaibh a bheith inár gcuideachta ar feadh roinnt laethannta le sásamh a bhaint as ár gceol, ár gcultúr agus ár gcomhluadar. Ag súil le sibh a fheiscint! Niamh agus Breanndán.
Ceol Chorca Dhuibhne Tá a stíleanna agus a gcuid nósmhaireachtaí ceoil féin in alán ceanntair éagsúla ar fuaid na h-Éireann agus sé an dála céanna aige Corca Dhuibhne é. An chéad rud a bhí le tabhairt fé ndeara i seisiún ceoil san áit seo go dtí le ana dhéanaí, ná go raibh trí tréithe ag baint le h-oíche mhaith ceoil. Ar dtúis bhíodh ceol a sheimint, ansan an rínce agus ina dhiaidh san bhí an amhránaíocht. Gan amhras bhíodh tarraingt ar chaint istigh eatartha agus do’b shin í an Ghaeilge san chuid is mó den gceanntar. Fiú go dtí an lá atá inniu ann, sé seo an saghas oíche is fearr a thaithníonn leis an ngnáth dhuine sa taobh seo tíre. Sé an bosca ceóil is líonmhaire san áit le fada agus roimis sin, bhí alán veidhlíní agus roimis sin aríst, bhí na píob uilinn. Toisc airgead a bheith gann agus gan ar chumas alán daoine uirlisi ceoil a cheannach, is ceoltóir amháin nó uirlis amháin ceoil a bhíodh á sheimint aige’s na h-oícheanta ceoil seo. Dá bharra san, bhí a stíl pearsanta fhéin aige’s na h-aon cheoltóir agus alán den am, píosai ceoil seachas a chéile aitheanta leis na ceóltóiri sin. Bhí an ceol i gconaí dírithe ar an rince, rud a d’fhág meidhreach i gcónaí é. Bhíodh foinn mhalla, corn phíopa, polcaí, sleamhnáin, poirt, rince scoibóil agus bhálsanna á sheimint. Ní mór na ríleanna a bhí le clos. Siad na ceóltóiri a bhí ag seimint go rialta timpeall leath chéad bliain ó shin ná, Seán Coughlin, Moss Martin, Muiris Ó Dálaigh agus a dhriotháir, Muiris Ó Cuínn, John O’Donnell, Seán Dan Neill Ó Gairbhí, Páid Ó Gairbhí, Stanley Doyle, Seáinin Mhicil Ó Suilleabháin, Tom agus Pat Coughlin, Muintir Ui Fhlaithearta sa Daingean, agus driotháracha agus driofúracha mhuintir Bheaglaoí ó Bhaile na bPoc agus Baile Na nGall. Is beag duine ná go raibh amhrán aige mar ní raibh an bhéim ar fad ar an nguth ach ar an scéal. “Abair amhrán” a deirtaí. Tá alán ceoltóirí, amhránaithe agus rinceóirí óga san áit anois agus le cabhair an Scoil Ceóil seo agus imeachtaí ná é, sínfear an oidhreacht seo ar aghaidh go dtí an gcéad ghlúin leis, gan aon dua.
Tá Beartais Um Chosaint Leanaí Scoil Cheoil an Earraigh le fáil ó scoilcheoilciarrai@ gmail.com.
go top