February 23, 2022

Beidh oíche amhránaíochta á reachtáil ag Scoil Cheoil an Earraigh le oscailt a chur leis an bhféile i dTigh Bhric ar an gCéadaoin an 23ú Feabhra 2022.

Beidh aoianna speisialta linn chun an oíche a chéiliúradh sin iad Dainní & Eoiní Maidhcí Ó Súilleabháin. Beidh oíche fíor speisialta againn le tús a chur leis an Scoil Cheoil agus fáilte roimh chách teacht agus amhrán a rá nó díreach véarsa nó dhó.

Bígí ag cleachtadh!

go  top