February 19, 2021

Reachtálfar Ciorcal Comhrá ar Zoom (urraithe ag Tobar Dhuibhne). Beidh an imeacht ar siúl óna 10.30-11.30rn Déardaoin, Aoine agus Sathairn.

Beidh an ócáid seo saor in aisce. Níl uait ach do chupán tae!

Caithfear clárú don imeacht seo ar Eventbrite ionas go mbeimid in ann an nasc a sheoladh chughat.
Is féidir clárú i mbun an leathanaigh seo.

Eolas faoi Mháire Joe Daly:

Rugadh agus tógadh i dTráilí mé. Ón gCeathrúin ab ea mo mháthair agus ó Bhaile Bhiocáire m’athair agus dá thoradh san bhí Gaelainn agam ón gcliabhán. Múinteoir bunscoile ab ea mé ó 1974 go 2014. Chuas ó Ros Mhic Treoin go Corcaigh agus chríochnaíos sa Ghaelscoil i dTráilí. Anois go bhfuilim ar scor táim taréis filleadh ar fhód mo mhuintire I nDún Chaoin. Bhí ana spéis riamh agam i bhforbairt teanga. Is ann a dheineas mo mháistreacht agus glacaim páirt fós i gCúrsaí Gaelainne na n-ábhar oidí a reachtálann CFCD.

go  top