February 18, 2023

18ú Feabhra

Oíche mhór ceoil i Halla na Feothanaí do Cheolchoirm an Sathairn le linn Scoil Cheoil an Earraigh.

I measc na gceoltóirí iontacha a bheidh ar stáitse beidh boscadóir na 'MaryWollopers', Seamas Hyland, an sár-fhidléir Andrea Palandri, beidh na ceoltóirí agus amhránaithe binne ón nGaillimh, Muintir Uí Fhlatharta, Séamus agus Caoimhe , Cliodhna Costello ar an mBainseó, Caoimhín Ó Fearghaíl ar an ngiotar agus an t-amhránaí óg áitiúil, Caoimhe Ní Chíobháin beidh comhluadar bhreá as Alba Kathleen MacInnes agus Jamie MacDonald.

Beidh teacht le chéile spéisialta leis ar an oíche le Clann Uí Bheaglaoich agus Seit a'Chuasa ar stáitse leis an sár-cheoltóir ar lár, Séamus ó Beaglaoich, a thabhairt chun cuimhne.

go  top