February 20, 2021

Beidh ceolchoirm iontach ar siúl ar an Satharn 20ú Feabhra beo ar líne ó Scoil Cheoil an Earraigh.

Is iad na ceoltóirí a bheidh linn ná Breanndán Ó Beaglaoich, Carlos Núñez(Gallicia), Bríd Donnelly le Cillian Ó Briain, Clíodhna Costello, Colm Murphy le Louise O'Sullivan & Conor O'Sullivan, Eithne Ní Chatháin, Seosaimhín Ní Bheaglaoich le Cormac Ó Beaglaoich, Deirdre & Aoife Granville, Seánus Ó Guithín, Laoise Kelly, Tiarnán Ó Duinnchinn, Alan McDonald (Alba), Éilís Ní Chinnéide le Matt Griffin.


Beidh na ceolchoirmeacha á sruthlú beo ag a 8in ar shuíomh & Facebook na Scoile Ceoil (www.scoilcheoil.com) agus ar mheáin shóisialta Mholscéal.  Ní bheidh aon chostas ar na ceolchoirmeacha ach ardoícheanta ceoil le taitneamh a bhaint astu pé áit sa domhan ina bhfuil tú. 

go  top