February 25, 2022

Aoine an 25ú

Tá an-áthas ar an Scoil Cheoil a fhógairt go mbeidh ceolchoirm iontach againn daoibh oíche de hAoine an 25ú Feabhra i Halla na Feothanaí. I measc na gceoltóirí iontacha a bheidh linn ar an oíche beidh Mary McNamara ar an gConsairtín agus a hiníon Sorcha Costello, Angelina Carberry a ghlac Gradam Ceoil TG4 2021, Mickey Dunne ar na píb, Ciarán Ó Maonaigh agus Caitlín Nic Gabhann le ceol bhreá agus cúpla steip, Eithne Ní Chatháin a bheidh ag cur roinnt dá albam nua 'Iníon' i láthair an tslua agus Conor Connolly - ceoltóir óg na bliana 2018.

Beidh oíche iontach ceoil ann agus dea chomhluadar!

Caithfear masc a chaitheamh le freastal ar an gceolchoirm seo.

go  top