February 26, 2022

Ceardlann Slamfhilíochta do Dhaoine Fásta Faoi stiúir Scríbhneoir Cónaitheach An Dísirt, Colm Mac Gearailt.

Sa cheardlann seo tabharfaidh Colm Mac Gearailt comhairle don scríbhneoir nua maidir le saothar fhilíocht ó bhéal a scríobh is a chur i láthair os comhair lucht féachana. Tabharfar buneolas faoin stíl filíochta nuaimseartha seo, ar na gnéithe ar leith a bhaineann leis an slamfhilíocht. Pléifear leis, i slí ginearálta na nithe tábhachtacha faoi chonas dán a reic.

Dírithe ar éinne gur maith leo Slam Fhilíocht agus cuileachta! Bain triail as!

Breis eolais agus áirithintí (roimh 25 feabhra) ar Eventbrite

Dé Sathairn 26 Feabhra 10.00 a.m. – 12.30 p.m.

Tigh Áine, An Ghráig

Breis eolais info@diseart.ie

€10 (Caifé san áireamh) 


Colm Mac Gearailt

Tá Colm Mac Gearailt ina fhile cónaitheach sa Díseart ó Mheán Fómhair 2021. File ó bhéal, aisteoir agus staraí ó Chorca Dhuibhne é Colm. Tá a shaothar léirithe aige ag oícheanta filíochta is féilte timpeall na tíre:  ina measc Electric Picnic, Féile Litríochta Idirnáisiúnta Átha Cliath, Other Voices agus Féile Liú Lúnasa, Béal Feiriste, inar bhain sé an chéad áit amach i gcomórtas Slam Filíochta na Féile 2019. 


go  top