€1435 do Ospidéal na leanaí I gCromghlinn ó mhaidin Chaifé Scoil Cheoil an Earraigh ar an mBuailtín

Bhí an Dochtúr Comhairleach Croí David Coleman, ó Ospidéal na Leanaí Croimghlinn, i láthair ag maidin chaifé Scoil Cheoil an Earraigh ar son an ospidéil maidin inné. Labhair an Dochtúir ar an obair fhorbartha atá ar siúl san ospidéal agus na pleananna atá acu bharda nua croí a oscailt san ospidéal an bhlian seo chugainn, le teacht in áit an bharda atá ann faoi láthair atá go mór as dáta agus os cionn 50 blian d’aois.  Ba é seo an chéad chuairt a thug an Dochtúr Coleman, agus a bhean Carol, ar as an Nua Shéalainn dóibh beirt, ar Chorca Dhuibhne. Chaitheadar beirt an deireadh seachtaine ar an mBuailtín ag freastal ar imeachtaí Scoil Cheoil an Earraigh, agus ag baint sásamh as na radharcanna aoibhne. D’fhreastal slua mór ar an mhaidin caife a bhí ar siúl théis an Aifrinn, áit a raibh Peadar Ó Riada agus Cór Chúil Aodha i láthair. Scal an ghrian arís dóibh I mbliana agus bhí seisiún breá ceoil ar siúl amuigh fén aer. Bailíodh €1435 ar son an ospidéil ag an mhaidin chaife agus tá lucht an eagraithe fíor bhuíoch do gach éinne a thug a gcabhair ar an lá, gach éinne a bhí ag bácáil, do na ceoltóirí agus dóibh siúd a thug duaiseanna don gcrannchur.