Le Deirdre Granville

Le Deirdre Granville

Is ceoltóir agus amhránaí í Deirdre, a thosaigh ag seinm ceol traidisiúnta agus clasaiceach ag aois óg. Tá fud fad na cruinne siúlta aici ar chamchuairt agus ag ceol. Tá mórán gradaim buaite ag Deirdre i gcomórtais, ina haonar agus i ngrúpaí. Ghnóthaigh sí an chéad chraobh uile-Éirinn sinsearach i bhfonn mall ar an gCruit ag Fleadh Cheoil na hÉireann, agus an rath céanna ar mhórán dá scoláirí. D’eisigh Deirdre albam aonair ‘Imram’ sa bhliain 2015. Ba í bunaitheoir agus comhstiúrthóir Féile Traid an Daingin agus is í stiúrthóir Cruit Éireann. Tá sí ar dhuine de na cruitirí is aitheanta i saol comhaimseartha na cruite. Tá suim faoi leith aici i mBailiúchán Goodman, foinn mall agus ceol ó oileán an Bhlascaoid.

Beidh an rang ar siúl idir 10rn - 1in gach lá le sos san áireamh.

Mar Eolas

Caithfidh daltaí a gcuid uirlisí fhéin a bheith acu.
Tá fáilte roimis dhaoine fásta & leanaí os cionn 9 mbliana.
Beidh béim ar mhúineadh trí Ghaelainn sna ranganna.
Cuirfear béim ar amhráin, ar stíl is ar phoirt Chorca Dhuibhne.
Níl aon chead taifeadadh le linn ranga.
Má bhíonn siomptóim Covid19 ort - ná freastal ar na ranganna.
N.B. Níl aon ranganna uirlise ann do ghlan tosnaitheoirí

*Má bhíonn aon fhadhb ag cur rang in áirithe, nó má tá breis eolais ag teastáil, seol ríomhphost go - riarachanscae@gmail.com

A multi-instrumentalist and singer, Deirdre studied both traditional and classical music from a young age. She has toured and performed extensively worldwide. Deirdre has won numerous solo and group performance medals in her competitive career, including the first ever All-Ireland Senior Harp Slow Airs title at Fleadh Cheoil na hÉireann and has led many students to the same successes. Deirdre released her first solo album, Imram, in 2015. She was Co-Director and founder of Dingle Tradfest and sits as a Director of Harp Ireland. She is one of the most recognised names in contemporary Irish harping and has a particular interest in the Goodman Collection, slow air-playing and the music of the Blasket Islands.

This class will start each day at 10 am until 1pm with a break included.

Please Note

Pupils must have their own instruments.
Classes are for adults and children age 9+.
Most classes will be taught ‘as Gaeilge’ (through Irish) while all efforts will be made to make sure that no one feels excluded.
The emphasis will be on West Kerry tunes and style.
Recording during classes is prohibited.
If you have symptoms of Covid19 please don't attend classes.
NB There are no classes for absolute beginners.


* If there is any issue in booking classes or you need additional information, please email - riarachanscae@gmail.com

Le Deirdre Granville

Ranganna eile

Other Classes

All Classes

Mar eolas / FYI:

Caithfidh daltaí a gcuid uirlisí fhéin a bhreith leo.
Fáilte roimis dhaoine fásta & leanaí os cionn 9 mbliana (nó labhair linn má tá do leanbh níos óige). Is i gceanntar Gaeltachta atá an Scoil seo lonnaithe. Beidh béim ar mhúineadh trí Ghaelainn sna ranganna.
Cuirfear béim ar amhráin, ar stíl is ar phoirt áitiúla.
Molann muid do dhaoine gléas taifeadadh a thabhairt leo.
N.B. Níl aon ranganna uirlise ann do ghlan tosnaitheoirí (ach má tá tú fíor dhíograiseach agus fonn ort tabhairt faoi, labhair linn!)

Please note:
Pupils have to bring their own instruments
Classes are for adults and children age 9+
Most classes will be taught ‘as Gaeilge’ (through Irish) while all efforts will be made to make sure that no one feels excluded
The emphasis will be on West Kerry tunes and style
We recommend you bring a recording device with you
NB There are no classes for absolute beginners

go  top