Scoil Cheoil

An Earraigh ’24

Baile an Fheirtéaraigh 14-18 Feabhra 2024

Fáilte romhaibh chuig Scoil Cheoil an Earraigh atá 20 bliain ar an bhfód i mbliana, 2024! Féile ceoil thraidisiúnta is ea muid, a bhíonn ar siúl i mBaile an Fheirtéaraigh, i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí, i mí Feabhra gach bliain. Bíonn ranganna ceoil agus amhránaíochta, ceolchoirmeacha, léachtaí, seisiúin, siúlóid, ciorcail comhrá, agus go leor imeachtaí eile againn, agus gan dabht, an-chraic ar fad! Bígí Linn!

Faigh do Thicéid!

Cláraigh anso dod’ rogha rang.
Déanfar grádú do roinnt ranganna, ar an chéad lá.