| Taisteal |
| Eitilt laethúil go h-aerfort Chiarraí an an bhFearann Fuar ó
Bhleá Cliath
www.ryanair.ie
|
| Busanna go Trá Lí agus ar aghaidh go dtí an Daingean
www.buseireann.ie |
| Traein go Tra´ Lí nó Cill Áirne
www.iarnrodeireann.ie
|
Caranna ar chíos i gCill Áirne agus Aefort Chiarraí
www.avis.ie,
www.budgetcarrental.ie
|
| |
| Le taisteal ón nDaingean go Baile an Fheirtéaraigh
|
| Ón nDaingean téir siar go dtí an timpeallán agus tóg an chéad chasadh ar chlé, thar an droichead. Tóg an chéad casadh ar dheis, agus lean an bóthar go barr an chnoic. Cas ar chlé agus lean an bothar sin ar feadh 4km / 2.5 míle le casadh géar in aice le Pub Tigh Bhric. Lean an bóthar ar dheis ag dul siar ar feadh tuairim 1.5 km / 1.0 míle go dtí Baile an Fheirtéaraigh. |
| |
| Le taisteal ón nDaingean go Feothanach
|
| Ón nDaingean téir siar go dtí an timpeallán agus lean díreach ar aghaidh thar oifigí Údarás na Gaeltachta. Lean ort ar an mbóthar sin ar feadh thart ar 7 míle agus tiocfaidh tu go dtí Scoil na Feothanaí. Tá an halla díreach in aice leis. Má théann tú chomh fada leis ‘An Cúinne’ (tigh tabhairne) tá tú imithe ró-fhada. |
| |
| Le taisteal ó Bhaile an Fheirtéaraigh go Feothanach |
| Fág Baile an Fheirtéaraigh ag dul ó thuaidh i dtreo Tigh Bhric. Nuair a thagann tú go Óstan Smerwick cas ar chlé. Lean an bóthar sin ar feadh thart ar míle agus fan ar chlé ag an casadh go Gallarus. Lean ort thar Gort Caide na Gaeltachta ag Muiríoch, fan ar an mbóthar an slí ar fad ó thuaidh, thar Séipéal na Carraige, thar An Cúinne agus tiocfaidh tú chuig an Halla atá ar thaobh na láimhe clé don bhóthar. Thart ar 7 míle ar fad.
|