Scoth na gCeoltóirí ag teacht chugainn i 2017

Conor Keane Pic

Tá muid ag obair linn ag réiteach do Scoil Cheoil an Earraigh 2017. Ag teacht chugainn san Earrach beidh Michéal Ó Súilleabháin, Caoimhín Ó Raghallaigh, Maitiú Ó Casaide, Ailean Domhnallach, Paul Dooley (Cláirseach), Pepin de Munhalen (Asturias), Colm Murphy, Seán Ryan, Conor Keane agus scoth na ranganna, ceardlanna agus ceoclhoirmeacha beartaithe acu dúinn i gcuideachta ár ngrúpa dílis de mhúinteoirí & ceoltóirí ó Chorca Dhuibhne, Aoife & Deirdre Granville, Cillain & Bríd Uí Bhriain, Breanndán Ó Beaglaoich, Páidí Mhárthan, Éilís Ní Chinnéide, Cormac Ó Beaglaoich agus go leor eile nach iad. Beidh a thuilleadh eolais chugaibh amach anseo ach idir an dá linn, coiméad na dátaí saor! 22-26 feabhra 2017 – Baile an Fheirtéaraigh, Bígí linn!IMG_2222