Múinteoirí Scoil Cheoil an Earraigh 2020 fógartha

Desi Wilkinson

Beidh scoth na gceoltóirí linn arís do Scoil Cheoil an Earraigh 2020 – ina measc beidh ceoltóirí agus amhránaithe as Corca Dhuibhne agus cuairteoirí as áiteacha eile ar fud na tíre agus níos faide ó Bhaile. Cuirimíd fáilte mar mhúinteoirí don chéad uair i 2020 roimh Desi Wilkinson, Jeremey Spencer, Gearóid Ó Duinnín, Seosaimhín Ní Bheaglaoich, Eimear Donnellan agus Emma Corbett. Ag filleadh chugainn beidh Fidelma & Mick O’Brien, Muireann Nic Amhlaoibh, Caoimhín Ó Raghallaigh, Aoife & Deirdre Granville, Eithne Ní Chatháin, Colm Murphy, Bríd Donnelly, Aindí Ó Súilleabháin agus gan dabht, Breánndán Ó Beaglaoich.