Mórtas Cine – Ceolchoirm don Uachtarán, De hAoine 16.02.18

uachtaran

Tá an-áthas orainn a fhógairt go mbeidh Uachtarán na hÉireann, a Shoilse Micheál D. O hUigínn ag teacht chuig Scoil Cheoil an Earraigh 2018. Beidh an tUachtarán ag freastal ar cheolchoirm speisialta ‘Mórtas Cine’ i Halla na Feothanaí, De hAoine, 16.02.18 ag 8pm. Cuirfear tús leis an oíche le aitheasc ón Uachtarán agus leanfar ansin le rogha ceoil, rince, filíocht agus amhránaíocht le ceoltóirí idir óg agus aosta le scoth oidhreacht Chorca Dhuibhne agus na Gaeltachta a chuir i láthair an Uachtaráin chomh maith lenár ngaol le cultúir thar lear. I measc na ndaoine a bheidh ar stáite beidh Ben Ó Loinsigh ón Riasc, Ruairí Ó hÓgáin as Dún Chaoin, Victoria Breathnach as na Gorta Dubha, an Banna Ceoil ‘Glór’ as Baile an Fheirtéaraigh, Breanndán Ó Beaglaoich as Baile na bPoc chomh maith le Nell Ní Chróinín as Múscraí, Ailean Domhnallach as Albain, Rosie McKenzie as Cap Breton agus aionna speisialta eile. Is mór an onóir dúinn gur ghlac an tUachtarán lenár gcuireadh a beith i láthair. Taimid ag súil go mór leis an méid a bheith le rá ag an Uachtarán linn agus le oíche Ceoil agus amhránaíochta don scoth ar an Aoine an 16ú. Beidh ticéid don gceolchoirm ar fáil ag an oscailt oigifiúil, ag an deasc eolais in Óstán Ceann Sibéal 9am-5pm Déardaoin & de hAoine 15/16 Feabhra agus ag an doras ar an oíche. €15 do dhaoine fásta €10 leanaí / aosaigh.