Scoil
Cheoil an Earraigh
Cad
é Scoil Cheoil an Earraigh?
Scoil Cheoil Traidisiúnta thar téimhse cúig
lá a thugann aire faoi leith do cheol, stíl agus
amhráin áitiúla Chorca Dhuibhne i gCoChiarraí,
Éire.
Tugann an Scoil seo cabhair don mborradh fáis atá
fé chursaí ceoil sa cheanntar, tugann sé
spreagadh dóibh siúd atá ag iarraidh foghlaim
agus tugann sé deis don bpobal ar fad ó gach cearn,
blaise dár dtraidisiún leathan a chloisteáil
agus a thabhairt leo.
Tugtar aitheantas inár gcuid imeachtaí don nglúin
a chuaigh romhainn, dóibh siúd a shín an
traidisiún chugainn agus dar ndóigh, spreagadh
dóibh siúd atá ag tosnú amach ar
bhóthar an cheoil.
Tagann ceoltóirí áitiúla, náisiúnta
agus idirnáisiúnta le chéile le ceolchoirmeacha
a chuir ar fáil, bíonn foghlaimeoirí agus
a gcairde ó gach cearn don tír agus níos
faide ó bhaile, i láthair le freastal ar na ranganna
ceoil, amhránaíochta agus rince, agus le blaise
a fháil den cheol agus an chultúr i gcaitheamh
tréimhse sa Scoile.
|
|

Michelle Uí Shé & Áine Uí Laoithe
|
|
|
|
|
Beidh
ranganna i naoi gcinn de uirlisí ceoil, ceolchoirmeacha,
léacht, oíche amhránaíochta, siúlóid
staire, ceardlann rince ar an sean-nós, ceardlanna amhránaíochta
ar an sean-nós, seisiúin, tráthnónta
ceoil le aoinna speisialta agus go leor eile ar bun thar an
tréimhse 5 lá.
 |
|
I mbliana, beidh imeachtaí nua againn, ina measc, ceardlann
seite, Ciorcal Comhrá Gaelainne i gcanúint Chorca
Dhuibhne agus ceardlann ar an bPíob Mhór leis
an bpíobaire aitheanta as Albain, Allan MacDonald.
Sí
2008 an 4ú blain do Scoil Cheoil an Earraigh a bheith
ar an bhfód agus mar a bhí an chéad lá,
sí an aidhm atá againn ná spreagadh chun
ceoil a thabhairt do dhaoine, béim a chuir ar stíl
agus ar phoirt Chorca Dhuibhne inár ranganna, omós
agus meas a thabhairt dos na glúinte a chuaigh romhainn,
iad siúd a shin chugainn an ceol atá againn
anois, agus thar aon rud eile, taitneamh a bhaint as as an
gceol, an craic agus as an gcomhluadar. |
Muna
ndéanfaidh muid é sin, bheadh sé chomh
maith againn fanacht ag an baile! Má tá fonn
ceoil ort, nó fonn rince nó amhrán i
dtimpeallacht Gaeltachta, bí linn agus fáilte!
|

Cormac Ó Beaglaíoch & Eilís Ní Chinnéide

Cormac & Breanndán Ó Beaglaíoch
|
|

Niamh Ní Bhaoill & Eilís Ní Chinnéide

Bríd Donnelly & Michelle Uí Shé
|
|
Tá Scoil Cheoil an Earraigh buíoch as
tacaíocht / comhoibriú
na heagraíochtaí / comhluchtaí seo a
leanas:
Oidhreacht
Chorca Dhuibhne, Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne,
Múséam Chorca Dhuibhne, Club Ceoil Chorca Dhuibhne,
Comharchumann Turasóireachta Chorca Dhuibhne, Scoil
an Fheirtéaraigh, Dún Ciobháin (Coláiste
na hOllscoile, Corcaigh), Ionad an Bhlascaoid, Raidió
na Gaeltachta, Club an Mháistir, an Sagart Paróiste,
Aisteoirí Bhréanainn, Tigh Uí Chatháin,
Tigh Uí Mhurchú, Tigh an tSaorsaigh, Tigh Bhric,
Tigh an Tobair, Óstán Cheann Sibéal agus
Louis Mulcahy. Tá muid fior bhuíoch freisin
dos na daoine go léir a thugann cabhair dúinn
go deonach. Gura fada buan sibh go léir.
|
|
| |
|