Ceol
Chorca Dhuibhne
Tá
a stíleanna agus a gcuid nósmhaireachtaí ceoil
féin in alán ceanntair éagsúla ar fuaid
na h-Éireann agus sé an dála céanna aige
Corca Dhuibhne é.
An chéad rud a bhí le tabhairt fé ndeara i seisiún
ceoil san áit seo go dtí le ana dhéanaí,
ná go raibh trí tréithe ag baint le h-oíche
mhaith ceoil. Ar dtúis bhíodh ceol a sheimint, ansan
an rínce agus ina dhiaidh san bhí an amhránaíocht.
Gan amhras bhíodh tarraingt ar chaint istigh eatartha agus
do'b shin í an Ghaeilge san chuid is mó den gceanntar.
Fiú go dtí an lá atá inniu ann, sé
seo an saghas oíche is fearr a thaithníonn leis an ngnáth
dhuine sa taobh seo tíre.
Sé an bosca ceóil is lionnmhaire san áit le fada
agus roimhis sin, bhí alán veidhlíní agus
roimhis sin aríst, bhí na píob uilinn.
Toisc
airgead a bheith gann agus gan ar chumas alán daoine uirlisi
ceoil a cheannach, is ceoltóir amháin nó uirlis
amháin ceoil a bhíodh á sheimint aige's na
h-oícheanta ceoil seo. Dá bharra san, bhí a
stíl pearsanta fhéin aige's na h-aon cheoltóir
agus alán den am, píosai ceoil seachas a chéile
aitheanta leis na ceóltóiri sin.
Bhí
an ceol i gconaí dírithe ar an rince, rud a d'fhág
meidhreach i gcónaí é. Bhíodh foinn
mhalla, corn phíopa, polcaí, sleamhnáin, poirt,
rince scoibóil agus bhálsanna á sheimint. Ní
mór na ríleanna a bhí le clos.
Siad
na ceóltóiri a bhí ag seimint go rialta timpeall
leath chéad bliain ó shin ná, Seán Coughlin,
Moss Martin, Muiris Ó Dálaigh agus a dhriotháir,
Muiris Ó Cuínn, John O’Donnell, Seán
Dan Neill Ó Gairbhí, Páid Ó Gairbhí,
Stanley Doyle, Seáinin Mhicil Ó Suilleabháin,
Tom agus Pat Coughlin, Muintir Ui Fhlaithearta sa Daingean, agus
driotháracha agus driofúracha mhuintir Bheaglaoí
ó Bhaile na bPoc agus Baile Na nGall.
Is
beag duine ná go raibh amhrán aige mar ní raibh
an bhéim ar fad ar an nguth ach ar an scéal. "Abair
amhrán" a deirtaí.
Tá
alán ceoltóirí, amhránaithe agus rinceóirí
óga san áit anois agus le cabhair an Scoil Ceóil
seo agus imeachtaí ná é, sínfear an
oidhreacht seo ar aghaidh go dtí an gcéad ghlúin
leis, gan aon dua. |
|
|