Scoil Cheoil an Earraigh 2008

Sea, tá an ceathrú Scoil Ceoil an Earraigh curtha dínn againn agus buíochas le Dia, bhíomair breá sásta in iomláine leis an slí a thárla na h-aon ní. Bhí idir cheól, rince, amhránaíocht, gaoluinn, siúl agus a leanann iad ar fad againn agus fé mar a bheadh an fear anáirde ag bronnadh a bheannacht orainn, bhí an aimsir gan cháim. Ní bheifá ag súil leis an aimsir a fuaireamair, i gcorp- lár an t-samhraidh, bhí sé chómh glórmhar san.

"Tosach maith leath na h-oibre" adeir siad agus agus diabhal baol ná go raibh san againn mar bhí an oscailt oifigiúil a bhí againn gan chaim agus conas a d'fheadfadh sé bheith i malairt slí nuair gurb'é Lillis Ó Laoghaire a d'oscail. Labhair sé go ciúin stuama tuisceannach agus chuir sé fonn ar a raibh ann againn scaoileadh fé an obair a bhí idir lámha againn le fonn agus le fuadar. Chan sé an t-amhrán ‘Fill Arís’, le Seán O Ríordáin agus le ceol cumtha ag Micheál Ó Súilleabháín ansan, a chuir draíocht ar a raibh i láthair.

Sheim ceóltoiri ar nós Eithne Ní Chatháin, Colm Murphy, ceóltoirí óga agus ós a chionn(!) fé chúram Bríd Donnelly, chomh maith le beirt gharmhac Johnny Leary, Brian O’Leary agus Daniel Healy gan trácht ar amhranaí og áitiúil, Ciara de Mórdha. As go brách linn ar fad ansan go Club An Mháistir áit a raibh Lillis ina aoí faoí leith agus canadh suas le deich fichead amhrán sula raibh an oíche istigh.

An mhaidean dár gcionn, an Deardaoín, thainigh na sluaite go dt's na ranganna agus sula raibh na trí lá thart bhí suas le 170 dalta ar fad in iomláine againn ag foghlaim na n-úirlisí ar fad, méadú mór ar an mbliain anuraigh agus bhí suas le 60% acu ná raibh ó'n gceanntar.

Níl aon bhaol ar ach gur á lainn an radharc é na daltaí ar fad, idir óg agus níos sinne a fheiscint ag dul ar fuaid an bhaile ar a deich a chlog ar maidin le na n-úirlisí deifriúla agus fonn foghlama orthu. "Is aoibhinn beatha an scoláire!"

Thug Earle Hitchner léacht ionntach i dtaobh Joe Derrane oíche Déardaoin in ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin le Joe fhéin i láthair ag caint agus ag seimint.

Maidir leis na ceólchoirmeacha, cad is féidir a rá ach go raibh plúr na gceóltóirí, amhránaithe agus rinceóir againn agus Halla Na Feothannaí ar sceith le daoine an dá oíche agus a raibh ann ag baint sásamh as an gcaighdeán ceóil a bhí acu ar lic a dtínteáin féin.

Tar éis lóin ar an Aoine i dTigh bhric ar an Riasc, chaitheamar tráthnóna don scoth ag éisteacht le Tommy Peoples agus a iníon Siobhán ag seinimt le tionlacan ar an ngiotár ó Alf Duggan.

Níos déanaí an tráthnóna sin, bhailigh suas le seacht gcriú seite le chéile le freastal ar cheardlann le John Tammie Ó Laoithe & Denise Uí Bheaglaoich, an chéad uair le fada, nó an chéad uair riamh seans, ar raibh an méid sin seiteanna ag rince ag an aon am ar an mBuailtín.

Bhí árd thráthnóna amhránaíochta i dTigh an tSaorsaigh ar an Satharn, áit ar bhailigh daoine le chéile ag canadh agus ag éisteacht.

I measc na n-amhránaithe, bhí Tom Nelly, Tom Mhaurice, Ben Ó Loinsigh, Páid a Stáir & Cáit Tomaisín, Róisín de Faoite, Neil Ní Chróinín agus Allan MacDonald.

Ceann des na buaiceanna don deireadh seachtaine ná teacht le chéile na ndaltaí ar a 12 meán lae ar an satharn.

I mbliana toisc an oiread san daltaí a bheith againn chaitheamair é a bheith againn sa tSaipéal rud a chuir le draíocht na h-ócáide, an méid sin daltaí ar na huirlisi éagsúla ar aon nóta in éineacht le na múinteóiri agus cuid de aoíanna na gceolchoirmeacha agus iad ag seimint dhá phólca le Muiris ó Dalaigh.

Bhí sé go haoibhinn a bheith páirteach ann agus bhraith a raibh I láthair ar an gcuma chéanna.

Tar éis Aifreann a deich a chlog maidean Dé Domhnaigh le cór Chúil Aodha fé churam Pheadair, bhí maidean caifé trasna an bhóthair sa Mhusaém chun airgead a bhailiú do Óispuidéal na leanbh I gCrumlainn agus ní gá aon chómhartha eile ar an dea mhéin a bhí le tabhairt fé ndeara ansan ach a lua gur bailíodh 2 mhíle euró don óispuidéal.

Bhí ceól, rínce agus amhránaíocht ar siúl lasmuigh ar feadh trí uair an chloig ar a laghad agus céilliúradh á dhéanamh ar an gcéilliúradh!!

Bhi seisiún fada i dtigh Uí Chatháin a lean déanach san oíche ag cur clabhsúr taithneamhach le deireadh seachtaine a leanfaidh i gcuimhne na ndaoinne an
fhaid atá caint ar cheól i gCorca Dhuibhne.



 

 



 

 


 

 



Niamh Ní Bhaoill & Breanndán Ó Beaglaoich (Stiúrthóirí Scoil Cheoil an Earraigh),
Joe Derrane (Boscadóir), Carl Hession (Piano), Earle Hitchner (The Irish Echo NY)
& Philip King ón gComhairle Ealaíona.




Joe Derrane as Boston