|
An Drúcht Geal Ceoigh
A bhráithre 'n aon chumann, téanam chun siúil,
Tá an mhaidean bhog úr thar na dúichí fós.
Sin blátha na ngéag i scéitheadh go súghach,
Is na duilliúir go flúirseach ós cionn an róid.
'S le fáinne an lae roimh an ngréin a rúin,
An tráth nárbh' fhonn liom siúl go súgach.
Tré chantain na n-éan insa ngaorthaidh chúng,
Agus taitneamh na gréine ar an ndrúcht geal ceoigh.
Do leabaidh'se fág a pháirtí shéimh,
Is sár-ghlan an t-aer faoi chiúnas mór.
Mar is dubhach liom an cás thú do lán luí faon,
Is go mbearra leis na héin tú bheith ag tnúth seal leo.
Ó raghamna ag amhar trí na páirceanna réidh,
Mar a mbeidh sláinte is séan gan smúit 'nár dtreo.
Agus cífimíd álainníocht an nádúir faoi réim,
Agus taitneamh na gréine ar an ndrúcht geal ceoigh.
|
|
~ ~
|