7 seachtain ó anocht a thosóidh an spraoi!

Nell Ni Chroinin

Seacht seachtain ón oíche anocht, lá le vailintín, an ceathrú lá déag de Fheabhra, a chuirfear tús leis an teacht le chéile bhliantúil ceoil agus amhránaíochta ag Scoil Cheoil an Earraigh. Ghlac ceoltóirí go fonnmhar leis an gcuireadh a bheith inár gcuideachta anseo i gCorca Dhuibhne agus cé nach bhfuil muid chun a gcuid ainmneacha ar fad a scaoileadh chughaibh go fóill, tá réimse iontach ceoltóirí agus amhránaithe ag teacht arís i mbliana. I gcuideachta scoth mhúínteoirí na leithinise, ag tabhairt ranganna i mbiana beidh Christy Barry, Seán Ryan, Shane Mulchrone, Nell Ní Chróinín, Steve Cooney, Graham Guihan agus Dermot McLoughlin.