An leithscéal is fearr a bhí riamh agaibh cúpla lá fén dtor a bheith agaibh i gCorca Dhuibhne

Clár imeachtaí Scoil Cheoil 2018

A CHAIRDE –
Seo chugaibh an leithscéal is fearr a bhí riamh agaibh cúpla lá fén dtor a bheith agaibh i gCorca Dhuibhne – tá féasta Ceoil agus cuileachta romhat – má mhaireann tú go háitiúil, nó mas cuairteoir tú, tapaigh an deis! Beidh ceol agus spraoi ar an mBuailtín (Baile an Fheirtéaraigh), ar an bhFeothanaigh, i nDún Chaoin, ar an nGráig, agus iliomad áiteacha eile i nDúichí álainn Duibhneach – tá dóthain den rith is rás déanta againn ó Nollaig – scaoil leis an mbrú ar feadh cúpla lá, agus bain sásamh as an gCeol, na hamhráin agus an comhluadar iontach a bheidh anseo i gCorca Dhuibhne ón 14-18 Feabhra, agus gan dabht, cuairteoir speisialta inár measc chomh maith, Uachtarán na hÉireann, Michéal D. Ó hUiginn,

BÍGÍ LINN!

Ag súil tú a fheiceáil annSCAE 2018 - Bileog - Tosach & Cúl SCAE 2018 - Bileog Fáilte - Ceolchoirmeacha