Caodaoin / Wednesday Deardaoin / Thursday Aoine / Friday Satharn / Saturday Domhnach / Sunday Leagan Gaeilge English Version Failtiu - Leagan Gaeilge Home Page - English version EOLAS / INFORMATION CLARU / REGISTRATION LOISTIN / ACCOMMODATION IMEACHTAI / EVENTS LEARSCAIL / EVENTS MAP E-PHOST / E-MAIL


Scoil Cheoil an Earraigh 2008

Sea, tá an ceathrú Scoil Ceoil an Earraigh curtha dínn againn agus buíochas le Dia, bhíomair breá sásta in iomláine leis an slí a thárla na h-aon ní. Bhí idir cheól, rince, amhránaíocht, gaoluinn, siúl agus a leanann iad ar fad againn agus fé mar a bheadh an fear anáirde ag bronnadh a bheannacht orainn, bhí an aimsir gan cháim. Ní bheifá ag súil leis an aimsir a fuaireamair, i gcorp- lár an t-samhraidh, bhí sé chómh glórmhar san.

 

Scoil Cheoil an Earraigh


Ceol Chorca Dhuibhne 

Súil Siar ar 2007

"Tosach maith leath na h-oibre" adeir siad agus agus diabhal baol ná go raibh san againn mar bhí an oscailt oifigiúil a bhí againn gan chaim agus conas a d'fheadfadh sé bheith i malairt slí nuair gurb'é Lillis Ó Laoghaire a d'oscail. Labhair sé go ciúin stuama tuisceannach agus chuir sé fonn ar a raibh ann againn scaoileadh fé an obair a bhí idir lámha againn le fonn agus le fuadar. Chan sé an t-amhrán ‘Fill Arís’, le Seán O Ríordáin agus le ceol cumtha ag Micheál Ó Súilleabháín ansan, a chuir draíocht ar a raibh i láthair.

Sheim ceóltoiri ar nós Eithne Ní Chatháin, Colm Murphy, ceóltoirí óga agus ós a chionn(!) fé chúram Bríd Donnelly, chomh maith le beirt gharmhac Johnny Leary, Brian O’Leary agus Daniel Healy gan trácht ar amhranaí og áitiúil, Ciara de Mórdha. As go brách linn ar fad ansan go Club An Mháistir áit a raibh Lillis ina aoí faoí leith agus canadh suas le deich fichead amhrán sula raibh an oíche istigh.

Niamh Ní Bhaoill & Breanndán Ó Beaglaoich (Stiúrthóirí Scoil Cheoil an Earraigh),
Joe Derrane (Boscadóir), Carl Hession (Piano), Earle Hitchner (The Irish Echo NY)
& Philip King ón gComhairle Ealaíona.

Thug Earle Hitchner léacht ionntach i dtaobh Joe Derrane oíche Déardaoin in ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin le Joe fhéin i láthair ag caint agus ag seimint.

Maidir leis na ceólchoirmeacha, cad is féidir a rá ach go raibh plúr na gceóltóirí, amhránaithe agus rinceóir againn agus Halla Na Feothannaí ar sceith le daoine an dá oíche agus a raibh ann ag baint sásamh as an gcaighdeán ceóil a bhí acu ar lic a dtínteáin féin.


Joe Derrane as Boston

Tar éis lóin ar an Aoine i dTigh bhric ar an Riasc, chaitheamar tráthnóna don scoth ag éisteacht le Tommy Peoples agus a iníon Siobhán ag seinimt le tionlacan ar an ngiotár
ó Alf Duggan.

Joe Burke agus Earle Hitchner

Níos déanaí an tráthnóna sin, bhailigh suas le seacht gcriú seite le chéile le freastal ar cheardlann le John Tammie
Ó Laoithe & Denise Uí Bheaglaoich, an chéad uair le fada, nó an chéad uair riamh seans, ar raibh an méid sin seiteanna ag rince ag an aon am ar an mBuailtín.

Bhí árd thráthnóna amhránaíochta i dTigh an tSaorsaigh ar an Satharn, áit ar bhailigh daoine le chéile ag canadh agus ag éisteacht.

An mhaidean dár gcionn, an Deardaoín, thainigh na sluaite go dt's na ranganna agus sula raibh na trí lá thart bhí suas le 170 dalta ar fad in iomláine againn ag foghlaim na n-úirlisí ar fad, méadú mór ar an mbliain anuraigh agus bhí suas le 60% acu ná raibh ó'n gceanntar.

Níl aon bhaol ar ach gur á lainn an radharc é na daltaí ar fad, idir óg agus níos sinne a fheiscint ag dul ar fuaid an bhaile ar a deich a chlog ar maidin le na n-úirlisí deifriúla agus fonn foghlama orthu. "Is aoibhinn beatha an scoláire!"


Ciara de Mórdha ag canadh sa rang amhranaíochta


Seosamh Ó Neachtain
(Joe Stones) ag stepadaíl le ceol ó John & Pip Murphy ag ceolchoirm Scoil Cheoil an Earraigh 2008

 


I measc na n-amhránaithe, bhí Tom Nelly, Tom Mhaurice, Ben Ó Loinsigh, Páid a Stáir & Cáit Tomaisín, Róisín de Faoite, Neil Ní Chróinín agus Allan MacDonald.

Ceann des na buaiceanna don deireadh seachtaine ná teacht le chéile na ndaltaí ar a 12 meán lae ar an satharn.

I mbliana toisc an oiread san daltaí a bheith
againn chaitheamair é a bheith againn sa tSaipéal rud a chuir le draíocht na h-ócáide, an méid sin daltaí ar na huirlisi éagsúla ar aon nóta in éineacht le na múinteóiri agus cuid de aoíanna na gceolchoirmeacha agus iad ag seimint dhá phólca le Muiris ó Dalaigh.

 

Tommy & Siobhan Peoples le tionlacan ó Alf Duggan ag ceolchoirm Scoil Cheoil an Earraigh 2008.


Mary McNamara as Tulla i gCondae an Chláir
ag seimint ar an gcansairtín ag ceolchoirm
Scoil Cheoil an Earraigh ar an Satharn
16ú feabhra 2008.

Bhí sé go haoibhinn a bheith páirteach ann agus bhraith a raibh I láthair ar an gcuma chéanna.

Tar éis Aifreann a deich a chlog
maidean Dé Domhnaigh le cór Chúil Aodha fé churam Pheadair, bhí
maidean caifé trasna an bhóthair sa Mhusaém chun airgead a bhailiú do Óispuidéal na leanbh I gCrumlainn
agus ní gá aon chómhartha eile ar
an dea mhéin a bhí le tabhairt fé
ndeara ansan ach a lua gur bailíodh
2 mhíle euró don óispuidéal.

Bhí ceól, rínce agus amhránaíocht ar
siúl lasmuigh ar feadh trí uair an chloig
ar a laghad agus céilliúradh á dhéanamh
ar an gcéilliúradh!!

- - - - -

Bhi seisiún fada i dtigh Uí Chatháin
a lean déanach san oíche ag cur
clabhsúr taithneamhach le deireadh seachtaine a leanfaidh i gcuimhne na ndaoinne an fhaid atá caint ar cheól i gCorca Dhuibhne.




Joe Burke agus Anne Conroy Burke


Sláine Ní Chathalláin ag canadh ar an sean-nós ag ceolchoirm Scoil Cheoil an Earraigh 2008.

 
 
     

Lilis O Laoire ar chuairt ag rang amhránaiochta

 
     
 
     


 

 

 

 


 
 
     
 
     
 
     
 
     
 
     
 
     
 
     
 
     
 
     
 
     
 
     
 
     
 
     
 
     
 
     
 
     
 
     
 
     
 
     
     
     
   
     
     
     
 
2008, an raibh tú ann ?