Súil Siar ar 2007
Tá
sé ráite riamh go 'mbíonn rudaí maithe
mall' ach nuair a cuireadh an síol do Scoil Ceoil An Earraigh
i 2005, is beag a shíliomair go dtiocfadh bláth chomh
tapaidh ar, is a tháinig. I mbliana, 2007, bhí na ranganna
ar sceith le dalta. Bhí na ceolchoirmeacha lan. Bhí
imeachtaí oideachasúla ar siúl a mhúscail,
a spreag agus a d'árdaigh croí a raibh i láthair.
Fé mar aduirt an Pound fadó riamh, "Bhí
ana oíche againn ar feadh trí lá", ach sa
chás seo, bhí ar feadh cheithre lá agus b'fhéidir
ar feadh chúig lá aige cuid acu, gan aon ainmeacha a
lua!
Sé Matt Crannitch
a sheol an fhéile sa Mhuséam, oíche dé
Céadaoin. Bhí an áit lán go doras le
daoine a chuala ceól agus amhranaíocht ó óg
agus aosta, ach bhí rud amhain a mhairfidh i gcuimhne na
h-éinne a bhí i láthair, agus do'b é
sin nuair a sheim Matt an fonn do amhrán a d'fhoghlaimigh
sé ó Shean De h-Óra deich mbliana fichead roimis
sin. Tríd an t-aer a fuair sé san áit a thabhairt
thar n-ais ath-uair ann, chuir sé an té gur fhoghlaimigh
sé uaidh é, ina stealla bheathaigh in ár measc
aríst agus má bhí clos aige Seán ar
ó'n dtaobh eile don bhfód, caithfaidh go raibh bród
ar.
An oíche chéanna
ansan, thiar i gClub An Mháistir, i dtigh Uí Chatháin,ar
an mbaile, sé Ciarán Ó Gealbháin ó's
na Déise a bhí i réim mar aoí fé
leith i measc na n-amhránaithe. Chan sé cnuasach do
amhráin breátha ó'na dhúthaigh fhéin
a chuir gliondar ar a raibh i láthair. Ní raibh aon
cheal éisteóirí ná amhránaithe
ann an oíche chéanna agus is dócha gur canadh
suas le deich fichead amhrán ar fad an oíche chéanna.
An mhaidean d'ár
gcionn ansan, bhailigh céad agus a fiche dalta ar bhun scoil
an Bhuailtín chun clárú dos na ranganna. D'fhág
san go raibh feabhas 50% ar líon na ndaltaí ó'n
mbliain roimhe sin. Bhí ó aoís a deich go dtí
glan aoís a seachdó sé ag freastal ar na ranganna
Veidhlín, Bosca Ceoil, Píob Uillinn, Feadóig
Mhór, Feadóig Stain, Amhranaíocht ar an seana
nós, Bodhrán, Banjó, Guitar, agus Concertina.
Bhí orainn beirt múinteóiri a chur ar fáil
don mBosca Ceoil, Feadóig Stáin, Veidhlín agus
don Amhránaíocht. Is beag seomra ar fuaid an bhaile
ná raibh rang lonnaithe ann ag foghlaim go dúrthachtach
cleachtúil trí Ghaoluinn. An té ná raibh
Gaoluinn aige nó aici ní mheáigh sé
puínn mar do'b é an ceol an príomh theanga
i gcomhair an deireadh seachtaine.

Breanndán Ó Beaglaoich, Maidhc Ó Mainín,
Fódhla Ní Chonchúir, Úna Nic Guidhir
agus ceoltóirí eile ag seisiún i dTigh
Uí Mhurchú ag an Scoil Cheoil.
|
|

Bríd UÍ Bhriain, múinteoir an rang ar an
bhfeadóg stán, i mbun ceoil le cuid dos na daltaí
agus múínteoirí eile ag ceann dos na seisiúin
i dTigh Mhurphy. |
Sna
ceardlanna amhránaíochta ar an sean-nós a bhí
faoi stiúr Áine Uí Laoithe, tháinig
aoinna speisialta isteach le cur leis na ranganna gach lá.
Ar an Déardaoin ba é Ciarán Ó Gealbháin
a bhí i láthair, ar an Aoine, beirt dos na Caipíní,
Ben Ó Loingsigh agus Tom Mhaurice Ó Súilleabháin
agus ar an Satharn, Seosaimhín Ní Bheaglaoich. Bhí
árdú suntasach ar líon na ndaoine a ghlac páirt
sna ceardlanna seo i mbliana, árdú ó thriúr
anuraidh go dtí ochtar déag i mbliana.
Sé
ceol agus amhráin Chorca Dhuibhne atá bailithe i gcaitheamh
na mblian ó'n nglúin a chuaigh romhainn agus atá
fós in aoírde fholain in ár measc, a bhí
a mhúineadh in's na ranganna rud a dheineann an Scoil Ceoil
seo deifriúil le'n alán scoileanna dá shaghas.
Cabhraíonn sé seo le forbairt agus céiliúradh
cannúint ceoil na h-áite agus cuireann sé le
mórtas cinne na ndaoine a mhaireann san áit.
Níl éinne ag agairt gur fearr an ceol seo ná
an ceol atá in aon áit eile, ach fé mar a dúirt
Máirtín Ó Direáin "Coimead greim
ar do chranna foirtil"---an dúchas a síneadh
chughat ar lic do thínteáin féin agus go deimhin
atá fé bhrú níos mó ná
riamh anois. Má thagann an lá go mbeidh an ceol is
an amhránaíocht mara chéille ar fuaid na h-Éireann,
gan aon éagsúlacht a bheith le tabhairt fé
ndeara eatartha ó cheann ceann na tire, beidhmíd i
bhfad níos boichte dá bharra agus ár ndúchas
ana leamh, ach ní dóigh liom go bhfuil aon t-seans
fé'n spéir go dtarlóidh san fé'n dtrath
seo.

Bríd Uí Bhriain agus a rang feadóg stán
sa Mhúséam.
|
|

Caoimhín Ó Rathallaigh agus a rang veidhleadóirí
in Óstán Cheann Sibéal |
Sea,
tar-éis lóin, bhí seisiún deas ceóil
aige's na daltaí i dTigh Uí Mhurchú le cuid
de's na múinteóiri istigh ina measc agus ba dheas
é sin a fheiscint. An oíche sin ansan, thug Nicholas
Carolan caint iontach i dtaobh an Cannónach Goodman, le Mick
Ó Brien ag seimint a chuid ceoil. In Óstán
Ceann Sibéal a bhí an tionól, agus bhraithfá
biorrán ag titeam ach a bhfógair sé go raibh
suas le 85 amhrán a bhailigh an cannónach, scríghte
lena laimh aige, (a cheapathas riamh a bheith imithe ar bóliagar
agus ná beadh fáilt go deó aríst orthú),
fachta ath-uair i múnlach tí éigin thall i
Sasana an samhradh seo caite. Ceann do sheoda luachmhara amhranaíochta
na dúichí agus go deimhin na h-Éireann, fillte
orainn, nach mór ó'n gcré.
An
lá dár gcionn ansan, an Aoine tar-éis ranganna
na maidine, bhí Paddy Cronin i mbun ceárdlainne nadúrtha,
so-ranna i dTigh an tSaorsaigh ón'a dó a chlog go
dtí isteach go maith sa lá. Duine do dhaltaí
Phadraigh Úí Chaoimh is ea Paddy agus fuair sé
an meas is an t-éisteacht a bhí tuillte aige ó'na
raibh i láthair.

Breanndán Óbeaglaoich agus é díreach
tar éis caipíní nua a bhronnadh ar lucht
na gCaipíní ag ceolchoirm an Aoine ag an Scoil
Cheoil i Halla na Feothanaí. |
|

Cillian Ó Briain, ar chlé, lena dhaltaí
ar na píob, sa Mhúséam ar an mBuailtín. |
Oíche
Dé h-Aoine ansan bhí ceolchoirm mór i Halla
Na Feothannaí leis Na Caipíní, Na Campbells,
Seán Garvey, Na Mc Keons agus Bobby Gardner tionlacaithe
go rithimiúil aige Colm Murphy ar an mbodhrán agus
rínc banríon an t-seana nóis dóibh,
ó Chonamara Róisín Ní Mhainín
chun clabhsúr a chur leis an oiche. Fuair a raibh i lathair
luach a gcuid airgid go maith ar an ilghnéitheacht ealaíon
a bhí curtha ar fáil dóibh. Sí Niamh
Ní Bhaoíll a bhí i a bean an tí agus
ba mhaith chuige í!
Bhí seasca duine
a thug faoi na ranganna damhsa ar an sean-nós ar an Satharn,
le Róisín Ní Mhainín agus iad spreagtha
go mór aici. Tar-éis na ranganna ansan, maidin dé
Sathairn, ar a 1:30 iar nóin, bhailigh na daltaí ar
fad isteach i halla na bun scoile agus bhí an seisiún
ceoil ba mhó riamh i gCorca Dhuibhna acu i measc na Campbells
(An t-Athair,an Mac is an Spioraid Naomh!), Bobby Gardner, Paddy
Cronin, Colm Murphy, Caoimhín Ó Raghallaigh agus Páidi
Mhárthain. Do'b é sin an buaic ó thaobh na
ranganna dhó é. Bhí a raibh ann tógaithe
leis agus is ansan is fearr a thuig daoine cad atá i gceist
le Scoil Cheoil An Earraigh agus cad is féidir a bhaint amach
ach dtacaíonn daoine le chéile--"Níl neart
go cur le chéile".

An píobaire Mick O’Brien, le Nicholas Carolan
ó Thaisce Ceol Dúchas na hÉíreann,
agus Niamh Ní Bhaoill, duine de stiúrthóirí
na Féile.
|
|

Cuid don slua a bhi i láthair ag léacht Nicholas
Carolan faoin
gCanónach James Goodman. |
Dhoichigh
an oíche ansan agus tar-éis do Éirinn an Barra
Bua a fhailt ar a seana namhaid Sasana, sa Rugbaí i bPáirc
an Chrócaigh (agus feadfair a bheith siúralta go raibh
gáir molltach le clos ó Thonn Chliodhna i gCuan Gleann
Dor), líon Halla Na Feothanaí go doras chun Cór
Chúil Aodha, Muíntir Uí Bhriain, Neil Ní
Chróinín, Peadar O’ Loughlin le Geraldine agus
Éamon Cotter a chlos agus ar deireadh thiar thall, mar fhear
ionad do Joe Derrane ná raibh ar a chumas teacht i mbliana,
chuir Frankie Gavin le cabhair tionlacain Carl Hession agus Tim
Eady, ceol tine lasrach ar fuaid an halla a chuir iontas agus anam
in a raibh i láthair.
Sea bhí an ceathrú
oíche go maidean feicithe aige'na alán againn agus
bhí maidean Dé Domhnaigh tagaithe agus sinn i Sáipéal
Naomh Uinsionn ar an mBuailtín le "Pócaí
Follamh agus Clioginn tínn" go líonmhar i láthair,
seo chughainn Peadar agus Cór Chúil Aodha chun anam
a chur aríst ionainn le Aifreann Uí Riada mar a tugtar
go forleathan anois ar. Éinne go raibh leisce ar éirí
an mhaidean san bhíodar buíoch gur dheineadar an t-iarracht
mar bhí braistint san áit nach féidir a chur
síos ar phárr. Do'b é an imeacht deireannach
oifigiúil don Scoil é ach ní hé sin
le rá go raibh deireadh leis an gceol mar do lean sé
ar aghaidh ar an mbaile i gcaitheamh an lae agus go deimhin fhéin
lean cuid acu orthu go meán oíche! A chnách
san orthu!

Paddy Cronin agus Caoimhin Ó Rathallaigh i mbun ceoil
i dTigh an tSaorsaigh
|
|
Bríd Uí Bhriain, Cillian Ó Briain agus
Maidhc Ó Mainín ag baint sásamh as
Scoil Cheoil an Earraigh. |
Is
aoibhinn agus is saibhir an dúchas atá fágaithe
againn agus n'fhéadfainn cuimhneamh ar shlí níos
feárr agus níos folláine ar céiliúradh
a dhéanamh ar ná mar a thárla i mbliana aige
Scoil Ceoil An Earraigh i gCorca Dhuibhne.
Go dtuga Dia an tsláinte dhúinn an rud céanna
a dhéanamh an bhliain seo chughainn.
Breanndán Ó
Beaglaoich agus Niamh Ní Bhaoill
|
 |
|